Ardaigh Cuan

Anúna

Compositor: Não Disponível

Nach tuirseach mise anseo liom féin
Nach n-airím guth coiligh, lon dubh nó traon
Gealbhan, smólach, naoscach féin
'S chan aithním féin an domhnach

Agus och och éire 'lig is ó
Ar mo lon dubh is ó
'Sé mo chroí tá trom agus brónach

'Á mbeinn féin in ardaidh cuain
'N aice'n tsléibh'úd 'tá 'bhfad uaim
Ba annamh liom gan dul ar cuairt
Go gleann na gcuach dé domhnaigh

©2003- 2024 lyrics.com.br · Aviso Legal · Política de Privacidade · Fale Conosco desenvolvido por Studio Sol Comunicação Digital